ESA title
Back to Index Czech Danish Dutch English Estonian Finnish French German Hungarian Italian Norwegian Polish Portuguese Romanian Spanish Swedish
Science & Exploration

N° 37–2022: Nochtann na chéad íomhánna ó Theileascóp Webb an chruinne cheilte

12 July 2022

Tugann grinnithe a rabhthas ag súil go mór leo leid faoi fionnachtana luachmhara le teacht

Tá ré nua sa réalteolaíocht tosaithe leis an gcéad amharc ar chumais iomláin Teileascóp Spáis James Webb, de chuid NASA/ESA/CSA, ag muintir an domhain iomláin. Foilsíodh na chéad íomhánna lándaite agus sonraí speictrascópacha inniu. Nochtann na pictiúir cnuasach suntasach de ghnéithe cosmacha nach bhfacthas riamh.

Tá ré nua sa réalteolaíocht tosaithe leis an gcéad amharc ar chumais iomláin Teileascóp Spáis James Webb, de chuid NASA/ESA/CSA, ag muintir an domhain iomláin. Foilsíodh na chéad íomhánna lándaite agus sonraí speictrascópacha inniu. Nochtann na pictiúir cnuasach suntasach de ghnéithe cosmacha nach bhfacthas riamh.

Insíonn céad grinnithe Webb scéal na cruinne rúnda, trí ghach thréimhse de stair an chosmais – ó eiseapláinéid in aice láimhe go dti na réaltraí ón gcruinne óg atá ar imill a bhfuil infheicthe – agus gach céim eatarthu.

“Inniu, tugaimid amharc úrnua den chosmas ó Theileascóp Spáis James Webb don domhan uilig – seo amharc nach bhfacthas riamh choíche,” a dúirt Riarthóir NASA Bill Nelson. “Taispeáineann na híomhánna seo – ina measc an radharc infridhearg is doimhne den chruinne riamh – conas mar a chabhróidh Webb linn ár gceisteanna a fhreagairt, ceisteanna faoin gcruinne agus ár n-ionad sa chosmas; ceisteanna gur féidir ar éigean iad a chumadh.”

“Léiríonn rath dochreidte fhoireann Webb na tréithe is fearr ag NASA. Tógaimid brionglóidí agus fíoraíonn muid iad ar mhaithe leis an gcine daoinna. Tá mé ar bís leis na fionnachtana atá le teacht a fheiceáil – ní anseo ach tús oibre na foirne.”

 “Is ceiliúradh mór iad na híomhánna agus na speictrim seo den chomhoibriú idirnáisiúnta a chumasaigh an misean uaillmhianach seo,” a deir Josef Aschbacher, Ard-stiúrthóir ESA. “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine páirteach i gcoimisiúnú an teileascóip iontach seo, agus i seachadadh na dtáirgí dochreidte ó Webb - na daoine a fíoraíodh an lá stairiúil seo.”

Léiríonn íomhánna agus speictrim an lae inniu cumas na gceithre ionstraimí eolaíochta úrscothacha ar Webb agus deimhníonn siad go bhfuil réabhlóid tuisceana ar an gcosmas agus ar ár bhfréamhacha féin ag teacht le grinnithe eile sa todhchaí.

“Seo tús le ré nua Webb – ag faire ar na cruinne agus ag déanamh fionnachtana,” a deir Günther Hasinger, Stiúrthóir Eolaíochta ag ESA. “Agus muid ag tosnú ar ghnáthoibríochtaí eolaíochta, tá a fhios agam go bhfuil pobal réalteolaíochta na hEorpa ag tnúth le torthaí an ama breathnaithe atá bainte amach acu i gcéad bhliain Webb.”

“Is buaicphointe mór dom sa saol oibre agus is am thar a bheith tairbhiúil é a bheith ag obair ar an misean seo,” a deir Macarena Garcia Marin, Eolaí Ionstraim MIRI de chuid ESA. “Tá mo chuid comhoibrithe agus mé féin ag súil go mór le buanna Webb a fheiceáil agus na hiontais atá le teacht, a bhuí leis an gclinne agus an íogaireacht leithleach atá ag an teileascóp.”

Roghnaigh ionadaithe ó NASA, ESA, CSA and Institiúd Eolaíochta Teileascóp Spáis na chéad grinnithe ag Webb:

  • SMACS 0723 Taobh istigh de 12.5 uair an chloig, sholáthraigh Webb an íomhá infridhearg is doimhne agus is géire go dti seo den chruinne i gcéin. Is íomhá ildaite é de cheantar ar mhéid grán ghainimh ar fhad do sciatháin, cruthaithe le roinnt nochtaí éagsúla timpeall ar dhá uair an chloig an ceann. Úsáideann an radharc réimse domhain seo braisle réaltraí a lúbann an solas chun na réaltraí is faide uainn riamh a aimsiú. Níl an scéal seo ach ina thús le cumais Webb a chur in iúl i dtaobh radharcanna doimhne. 
  • WASP-96b De réir grinnithe mionsonraithe Webb ar an eiseapláinéad te séideogach seo, tá rian uisce ann. Chomh maith le sin tá fianaise ann de cheobhrán agus scamaill nár aimsíodh riamh. Tar éis dó móilíní uisce a aimsiú ar eiseapláinéad, déanfaidh Webb fiosrúcháin ar na céadta córas eile chun comhshuíomh na n-atmaisféar a thuiscint.
  • Southern RingTá an réaltnéal pláinéadach seo – néal mór gáis fairsingíoch timpeall réalta atá ag meath - ar fhad 2 000 solasbhlianta uainn. Tugann súile cumhachtacha infridhearga Webb radharc iomláin dúinn ar dhá réalta ar éag le chéile don chéad uair. Ó thús go dti deireadh a saolta mar réaltnéal pláinéadach, is féidir le Webb taiscéaladh a dhéanamh ar sheanréalta, agus na sceallaí deannaigh agus gáis a ruaigtear uathu gur féidir bunús réalta nua nó pláinéad nua a dhéanamh astu.
  • Stephan’s QuintetSeo dlúthghrúpa réaltraí i réaltbhuíon Peigeasas. Bhreathnaigh Webb trí chlúdach deannaigh timpeall ar lár réaltra amháin chun luas agus comhshuíomh an gháis gar dá dhúpholl ollmhór a nochtadh. Is féidir le heolaithe anois amharc uathúil a fháil ar an mbealach a spreagann réaltraí idirghníomhacha cruthú réaltaí iontu féin agus conas mar a chorraítear an gás sna réaltraí céanna. 
  • Carina NebulaNochtann radharc Webb ar ‘Aillte Cosmacha’ an Carina Nebula, na tréimhsí luath mear de chruthú réaltaí a bhí faoi cheilt roimhe sin. Ag breathnú ar an gceantar seo ina cruthaítear réaltaí sa réaltbhuíon theas Carina, chomh maith le áiteanna eile cosúil leis, is féidir le Webb réaltaí atá ag forbairt a fheiceáil agus staidéar a dhéanamh ar an ngás agus an deannach as a d’eascair siad.

Cuireann scaoileadh na chéad íomhánna agus spectrim tús le feidhmiú eolaíochta Webb, nuair a bheidh deis ag réalteolaithe timpeall an domhain a rogha de chuspóir a iniúchadh – ó spriocanna sa ghrianchóras go bunús na cruinne – ag úsáid ceithre ionstraimí Webb.

D’éirigh Teileascóp Spáis James Webb ar roicéad Ariane 5 ó Spásfort na hEorpa i nGuáin na Fraince, Meiriceá Theas, ar Lá Nollag 2021. Tar éis dó an tsraith scaradh agus oscailte is casta sa spás riamh a chríochnú, chuaigh Webb faoi míonna de choimisiúnú nuair a rinneadh a scatháin a ailíniú go cúramach agus nuair a calabraíodh a chuid ionstraimí dá thimpeallacht sa spás agus a ullmhaíodh iad chun eolaíocht a dhéanamh.

Is é Teileascóp Spáis James Webb ard-réadlann an domhain le haghaidh eolaíochta spáis. Réiteoidh Webb mistéirí sa ghrianchóras, breathnódh sé i dtreo reann i gcéin ar fithis timpeall réaltaí eile. Déanfaidh sé fiosrúchán ar struchtúir agus bunús rúnda na cruinne agus ionad an chine daonna ann. Is tionscadal idirnáisiúnta é Webb, treoraithe ag NASA lena pháirtithe ESA (Gníomhaireacht Spáis na hEorpa) agus Gníomhaireacht Spáis Cheanada.

Is é príomhionchur ESA don mhisean ná: an ionstraim NIRSpec, cóimeáil bhinse optúil na hionstraime MIRI, soláthar seribhísí lainseála, agus pearsanra chun tacaíocht a thabhairt do fheidhmiú an mhisin. Mar mhalartú ar an ionchur sin, gheobhaidh eolaithe Eorpacha 15% den am breathnaithe ar an gcuid is lú, cosúil leis an Teileascóp Spáis Hubble de chuid NASA agus ESA.

Eolas breise

https://www.esa.int/Webb

 

Bróisiúr: https://www.esa.int/About_Us/ESA_Publications/ESA_BR-348_Webb_Seeing_farther

Eolas láneagraithe ó ESA (ar fáil i 6 teanga éagsúil): https://www.esa.int/Science_Exploration/Space_Science/Webb/James_Webb_Space_Telescope_launch_kit

Tuilleadh eolais faoi ESA: www.esa.int

 

Tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín NASA: https://jwst.nasa.gov/

Íomhánna

Céad íomhánna de chuid Webb

Íomhánna Webb

Feachtas seoladh Webb ar Flickr

Íomhánna Ariane 5

 

Cnuasach íomhánna le cur i gcló nó le haghaidh teilgin: https://www.esa.int/About_Us/Exhibitions/Webb

Cnuasach grianghraf ESA le haghaidh úsáid ghairmiúil: https://www.esa-photolibrary.com/

 

Téarmaí agus coinníollacha chun íomhánna ESA a úsáid:
www.esa.int/spaceinimages/ESA_Multimedia/Copyright_Notice_Images

Má tá ceist agat nó má tá tuilleadh eolais uait i dtaobh íomhánna ESA, seol ríomhphost díreach chuig spaceinimages@esa.int.

Físeáin

Físeáin Webb [link to https://www.esa.int/ESA_Multimedia/Missions/Webb/(result_type)/videos ]

Beochaintí Webb, físeáin do chraoltóirí gairmiúla [link to https://www.esa.int/esatv/Videos/2021/09/James_Webb_Space_Telescope ]

B-rolla den fheachtas seoladh Webb [link to https://www.esa.int/esatv/Videos/2021/10/James_Webb_Space_Telescope_launch_campaign

Cnuasach físeán ESA le haghaidh úsáid ghairmiúil: https://www.esa.int/esatv/Videos_for_Professionals

Téarmaí agus coinníollacha chun físeáin ESA a úsáid:
https://www.esa.int/spaceinvideos/Terms_and_Conditions

Má tá ceist agat nó má tá tuilleadh eolais uait i dtaobh físeán ESA, seol ríomhphost díreach chuig spaceinimages@esa.int.

Meáin soisialta

Lean ESA ar:

Twitter: @esa_webb, @esascience  @esa,
Instagram: @Europeanspaceagency, @esawebb
Facebook: @EuropeanSpaceAgency, @esawebb
YouTube: ESA
LinkedIn: European Space Agency - ESA
Pinterest: European Space Agency – ESA

Gníomhaireacht Spáis na hEorpa

Soláthraíonn Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA) geata na hEorpa don spás.

Is eagraíocht idir-rialtasach é ESA, a cruthaíodh i 1975, leis an misean chun forbairt chumas spáis na hEorpa a mhúnlú agus le cinntiú go soláthraíonn infheistíocht sa spás tairbhí do shaoránaigh na hEorpa agus an domhain.

Tá 22 Ballstát ag ESA: An Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe. Is Ballstáit Chomhlacha iad an tSlóivéin, an Laitvia agus an Liotuáin.

Tá comhar foirmiúil ag ESA le sé Bhallstát den AE. Glacann Ceanada páirt i roinnt clár ESA faoi Chomhaontú Comhoibrithe.

Trí acmhainní airgeadais agus intleachtúla a comhaltaí a chomhordú, is féidir le ESA tabhairt faoi chláir agus ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná scóip aon tíre Eorpaí amháin. Tá sí ag obair go háirithe leis an AE ar chláir Galileo agus Copernicus a chur i bhfeidhm chomh maith le Eumetsat chun misin mheitéareolaíochta a fhorbairt.

Foghlaim tuilleadh faoi ESA ag www.esa.int

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Oifig Sheomra Nuachta agus Caidreamh Meán ESA – Ninja Menning

Ríomhphost: media@esa.int

Teil: +31 71 565 6409